SINSIR
Dobharchú mé, biolar mo bhrat
brácaim an bradán, mo bhráthair.
Breac mé is eascann faoi bhun easa,
saighead uisce is lúbaire—
Breac mé is bradán,
dobharchú, eascann.
Mise an spéir, an t-aer is an tEarrach
mise an t-iasc is an t-uisce
mise an chré faoi mo chosa
Dia agus duine
réalta mise i measc na n-ardreann
mise na hardreanna, de shoílse déanta
mise an t-éan is an t-ainmhí
clúmh agus fionnadh
ainmhí éanúil aonarach aonta mise
eolas ag borradh i mo chloigeann
mar shíolbheach i mblaosc uibhe
anam is intinn is intleacht bric
anam is intinn is intleacht toir
anam is intinn is intleacht fir
duine agus cruinne
Le Mícheál Ó hAirtnéide as Adharca Broic
37 notes
·
View notes